Wednesday, October 6, 2010

Taibhearc na Gaillimhe

San Siobhain le George Bernard Shaw.
Grianghraf de Siobhan Nic Cionnaith, Nollaig 1950
Léiríonn an stair a bhaineann le Taibhdhearc na Gaillimhe gurb í ceann de na tionscnaimh is mó ar éirigh léi i réimse na dramaíochta Éireannaí. Bunaíodh í i 1928, ag am a raibh Saorstát Éireann ag streachailt le haghaidh dlisteanachta. Chuir an Taibhdhearc roimpi tionscadal cultúir a chur i gcrích, tionscadal nach raibh a leithéid ann ag an am, is é sin, amharclann náisiúnta Ghaeilge a bheadh bunaithe i nGaillimh.

Ó 1990 i leith, bhí cartlann Thaibhdhearc na Gaillimhe lonnaithe i Leabharlann Shéamuis Uí Argadáin in OÉ, Gaillimh. Tháinig méadú ar an mbailiúchán sin ó shin, agus tá an bailiúcháin iomlán á chaomhnú i gcónaí agus á chur ar fail ag seirbhís chartlainne na Leabharlainne. Tá mionsonraí maidir le riarachán na Taibhdhearce ar fail sna leabhair miontuairiscí, comhfreagrais, agus sna taifid airgeadais. Tá fail sna cáipéisí seo ar eolas maidir leis na daoine aonair a raibh baint acu leis an amharclann a reáchtáil agus na caidrimh achrannacha a bhí acu lena chéile, chomh maith le heolas ar na deacrachtaí praiticiúla iomadúla a bhí le sárú ag an gcuideachta. Chomh maith leis sin, tá ábhar a bhaineann le gach léiriú, lena n-áirtítear comhfhreagras, cláir amharclainne, póstaeir, grianghraif agus gearrtháin nuachtáin. Cuireann sé seo taifead mionsonraíoch ar fail don taighdeoir, chomh maith le tuairimí an lucht féachana agus na nuachtán faoi na léirithe éagsúla. Ar an iomlán, tá 1500 mir chomhfhreagrais, 500 clár, 300 grianghraf, 600 scripteanna agus 250 póstaer ar fail.


No comments:

Post a Comment