"Archives: Bridging the Gap" an téama a bhaineann le comhdháil na bliana seo, agus tá sé sin roinnte ina cheithre chatagóir eile:"Bridging the Digital Gap", "Bridging the Cultural Gap", "Bridging the Democracy Gap" agus "Bridging the Distance". Tagann aighneacht Ní Charra faoin dara catagóir agus tá an téasc a théann lena cur i láthair póstaer anseo thíos.
Cartlann Chonradh na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, Éire
Céard é Conradh na Gaeilge?
Is eagraíocht é Conradh na Gaeilge a bhunaíodh sa bhliain 1893 chun an Ghaeilge a chur chun cinn in Éirinn agus thar lear. Tugann an t-ábhar léargas uathúil ar an 130 bliain nó níos mó de stair oileán na hÉireann. Rinne an fhoireann úsáid na Gaeilge i ngach gné den saol ó lá go lá a chur chun cinn agus a scrúdú. Clúdaíonn cuid shuntasach den ábhar roinnt feachtas a bhaineann le cearta teanga. Áirítear freisin cáipéisí a bhaineann le cearta na bpríosúnach agus cearta sibhialta i dTuaisceart Éireann.
Bhí an Conradh lárnach i bhfeachtais phobail a raibh na nithe seo a leanas mar thoradh orthu:
- cruthú stáisiún raidió agus teilifíse Gaeilge [1972, 1996]
- achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla [14 Iúil 2003] i (bPoblacht) na hÉireann
- an Ghaeilge a bheith mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh[1 Eanáir 2007]
- Sainchúram na hOllscoile - gné uathúil de shainchúram Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil is ea a tiomantas straitéiseach maidir le hoideachas ollscoile a chur ar fáil i nGaeilge, a haidhm freastal ar an nGaeltacht agus ar phobal na Gaeilge, agus campas dátheangach eiseamláireach a chruthú.
- Suíomh - tá an ollscoil suite ar chósta thiar na hÉireann ar imeall Ghaeltacht Chonamara. Chomh maith le sin, tá dlúthcheangal idir an Ollscoil agus an réigiún mar gheall go bhfuil ionaid oideachais agus chultúir Ghailge aici i nGaeltacht Chonamara agus i nGaeltacht Dhún na nGall araon.
- Cartlanna i dteangacha eile - tá an cnuasach aitheanta seo anois i measc go leor cartlanna Gaeilge eile san ollscoil, agus baint ag go leor acu sin leis an gcartlann seo.
- Meas ar an teanga - agus Ollscoil na Gaillimhe á roghnú, chinntigh Conradh na Gaeilge go mbeadh comhpháirteach ar leith a raibh meas ar an teanga agus ar an ábhar lárnach sa chúram a bhí idir lámha aici.
- Leanúnachas - leis an téarmaíocht nua seo ar fáil, spreagtar leanúnachas i liostú na Gaeilge chun teacht le caighdeáin chartlainne.
- Cuimsitheach - ciallaíonn sé gur féidir cartlanna Gaeilge a liostú i nGaeilge, rud a fhágann go bhfuil siad cuimsitheach agus go gcinntítear go mbíonn rochtain ag na daoine is mó a mbaineann na cartlanna seo.
- Meas agus aitheantas - is aitheantas tábhachtach é cartlann chomh suntasach sin a chur ar fáil agus é sin a dhéanamh i nGaeilge, ag baint úsáid as téarmaí oifigiúla sa teanga sin, don teanga dhúchais féin, agus don phobal a labhraíonn í mar chéad teanga.
- Cruthaítear feasacht - is minic a dhéanann taighdeoirí neamhaird ar bhailiúcháin i dteangacha mionlaithe, in ainneoin go bhfuil siad an-saibhir ó thaobh ábhair de. Is é an toradh atá air ná gur minic a bhíonn na scéalta sna cartlanna seo in easnamh ón scéal iomlán.
- Glacadh - táthar ag siúl go spreagfaidh an téarmaíocht Axiell agus dreamanna eile glacadh léi agus a gcuid táirgí a chur ar fáil i nGaeilge.
- Éifeacht iarmhartach - ba chóir go spreagfadh an cás-staidéar seo agus an téarmaíocht nua níos mó institiúidí chun níos mó cartlanna Gaeilge a chatalógú.