Monday, September 19, 2022

Léiriú Póstaer Ollscoil na Gaillimhe ag comhdháil Dhébhliantúil Chomhairle Idirnáisiúnta na gCartlann, an Róimh, 19-23 Meán Fómhair 2022

                                                 



Tá cartlann Chonradh na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe, agus obair an chartlannaí Niamh Ní Charra chun í a phróiseáil agus a chur ar fáil do thaighdeoirí, mar ábhar do chur i láthair póstaer ag Comhdháil ICA [Comhairle Idirnáisiúnta na gCartlann] na bliana seo. Tá Ní Charra ag seasamh an fhóid léi féin do chartlanna agus do chartlannaithe na hÉireann ag an gcomhdháil agus is é seo an chéad uair a bheidh an Ghaeilge le feiceáil ó thosaigh an chomhdháil deich mbliana ó shin.

"Archives: Bridging the Gap" an téama a bhaineann le comhdháil na bliana seo, agus tá sé sin roinnte ina cheithre chatagóir eile:"Bridging the Digital Gap""Bridging the Cultural Gap""Bridging the Democracy Gap" agus "Bridging the Distance". Tagann aighneacht Ní Charra faoin dara catagóir agus tá an téasc a théann lena cur i láthair póstaer anseo thíos.

Cartlann Chonradh na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, Éire

Cás-staidéar ar an obair chun cartlann Ghaeilge a phróiseáil, an tionscadal tánaisteach a d'eascair as sin chun téarmaí cartlainne a cheapadh i nGaeilge, agus na buntáistí níos leithne is féidir a bhaint amach agus catalógú á dhéanamh ar chartlanna teangacha mionlaithe.

Sa bhliain 2018 cuireadh tús le hobair ar phróiseáil agus ar chatalógú chartlann mór le rá Chonradh na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe. Críochnaíodh an obair agus seoladh an chartlann go hoifigiúil níos luaithe i mbliana. Cabhraíonn cur i dtaisce, próiseáil agus cur ar fáil chartlann na heagraíocht trasteorann agus ollscoil a bhfuil sainchúram uathúil uirthi i leith na Gaeilge, trí chatalógú dátheangach, trí bhreis agus 200 téarma cartlainne a cheapadh i nGaeilge agus trí úsáid a bhaint as an gcartlann chun aird a tharaingt ar obair na heagraíochta féin.

Céard é Conradh na Gaeilge?

    Is eagraíocht é Conradh na Gaeilge a bhunaíodh sa bhliain 1893 chun an Ghaeilge a chur chun cinn in Éirinn agus thar lear. Tugann an t-ábhar léargas uathúil ar an 130 bliain nó níos mó de stair oileán na hÉireann. Rinne an fhoireann úsáid na Gaeilge i ngach gné den saol ó lá go lá a chur chun cinn agus a scrúdú. Clúdaíonn cuid shuntasach den ábhar roinnt feachtas a bhaineann le cearta teanga. Áirítear freisin cáipéisí a bhaineann le cearta na bpríosúnach agus cearta sibhialta i dTuaisceart Éireann.

Bhí an Conradh lárnach i bhfeachtais phobail a raibh na nithe seo a leanas mar thoradh orthu:

  • cruthú stáisiún raidió agus teilifíse Gaeilge [1972, 1996]
  • achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla [14 Iúil 2003] i (bPoblacht) na hÉireann
  • an Ghaeilge a bheith mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh[1 Eanáir 2007]
Tá siad fós i mbun feachtais ar son chearta na Gaeilge i dTuaisceart Éireann. 

Ag croílár na bhfeactas seo tá ceart an duine aonair ar a (h)ainm féin a bheith ina t(h)eanga féin, agus maireachtáil agus idirghníomhú ina t(h)eanga féin, teanga atá dúchasach don oileán seo.
 




Cén fáth a roghnaíodh Ollscoil na Gaillimhe?
    Agus cinneadh á dhéanamh cén áit ar cheart an chartlann thar a bheith saibhir agus suntasach seo a chur i dtaisce, bhí a fhios ag Conradh na Gaeilge a thábhachtaí a bhí sé an institiúid cheart a roghnú chun an chartlann a choinneáil agus an obair riachtanach a dhéanamh. Tar éis machnamh cúramach a dhéanamh, roghnaigh siad Ollscoil na Gaillimhe, (Ollscoil na hÉireann, Gaillimhe roimhe seo). Bhí roinnt cúiseanna leis an gcinneadh seo: 

  • Sainchúram na hOllscoile - gné uathúil de shainchúram Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil is ea a tiomantas straitéiseach maidir le hoideachas ollscoile a chur ar fáil i nGaeilge, a haidhm freastal ar an nGaeltacht agus ar phobal na Gaeilge, agus campas dátheangach eiseamláireach a chruthú.
  • Suíomh - tá an ollscoil suite ar chósta thiar na hÉireann ar imeall Ghaeltacht Chonamara. Chomh maith le sin, tá dlúthcheangal idir an Ollscoil agus an réigiún mar gheall go bhfuil ionaid oideachais agus chultúir Ghailge aici i nGaeltacht Chonamara agus i nGaeltacht Dhún na nGall araon. 
  • Cartlanna i dteangacha eile - tá an cnuasach aitheanta seo anois i measc go leor cartlanna Gaeilge eile san ollscoil, agus baint ag go leor acu sin leis an gcartlann seo.
  • Meas ar an teanga - agus Ollscoil na Gaillimhe á roghnú, chinntigh Conradh na Gaeilge go mbeadh comhpháirteach ar leith a raibh meas ar an teanga agus ar an ábhar lárnach sa chúram a bhí idir lámha aici.


Ceisteanna Uathúla:
    Seachas na gnáthchinntí a chaithfidh cartlannaithe a dhéanamh agus cartlann á meas, á próiseáil, á buanchoimeád agus á catalógú, tháinig ceisteanna uathúla breise chun cinn de charr nádúr na cartlainne áirithe seo.
    Mar chuid den chomhaontú idir Conradh na Gaeilge agus an Ollscoil, bhí sé ríthábhachtach go mbeadh an chartlann liostaithe i nGaeilge le cinntiú go raibh sí ar fáil do phobal na Gaeilge. Chinn an chartlannaí liosta a dhéanamh i mBéarla freisin chun a chinntiú go mbeadh an chartlann iontach seo inrochtana do dhaoine nach bhfuil Gaeilge acu chomh maith. (Tá go leor preaseisiúintí agus ábhar eile i mBéarla agus tá 24 teanga léirithe sa bhailiúchán).
    Ba ghná cinntí a dhéanamh maidir leis an litriú fresin: Ní dhearnadh caighdeánú ar litriú na Gaeilge go dtí na 1950idí agus tá go leor éagsúlachtaí litrithe le fáil sa chnuasach dá bharr. Ar mhaithe le leanúnachas roghnaíodh litriú nua-aimseartha agus liostaíodh leaganacha níos sine freisin nuair ba dhá (e.g. Connradh na Gaedhilge [Conradh na Gaeilge]).
    I measc na gcinntí a bhain le CALM bhí cén t-ord a bheadh ar na liostaí Gaeilge agus Béarla, conas an dá cheann a scaradh óna chéile, cibé acu roghanna saorthéacs nó Roghchláir Anuas a úsáid le haghaidh réimsí áirithe, agus cén áit ar cheart na roghanna réamhshocraithe a shárú. Agus liostú dátheangach curtha isteach in CALM, bheadh an áis aimsithe ar fáil go dátheangach freisin dá ndéanfaí tuairisc a ghiniúint trí CALM. Socráiodh mar sin leagan Gaeilge amháin a chur ar fáil chomh maith mar cháipéis Word.
    Le linn an phróisis catalógaithe, baineadh úsáid as seirbhís aistriúcháin na hOllscoile. Cuireadh bac ar a sárobair, áfach, toisc nach raibh téarmaíocht chartlainne Ghaeilge ar fáil ag an am.



Tionscadal tánaisteach - 200 téarma cartlainne ceaptha i nGaeilge:
    Tháinig fadhbanna maidir le haistriúchán na catalóige chhun cinn go luath sa phróiseas mar gheall ar easpa téarmaíocht oifigiúil chartlainne i nGaeilge. De bharr shaibhreas na teanga bhí roghanna iolracha do théarmaí áirithe ar fáil, agus ní raibh aon leagan Gaeilge do thearmaí eile, nó má bhí ní raibh sé ag cur an bhrí ar leith mar a bhain sé leis an gcomhthéacs cartlainne in iúl. Fuair Ní Charra amach, cé go bhfuil bailiúcháin chartlainne Ghaeilge ar fud na tíre, gur fíorbheagán a bhí catalógaithe i nGaeilge, agus má bhí féin gur ar bhonn ad hoc a rinneadh iad. Níor aithníodh na neamhréireachtaí idir liostaí ó thaobh caighdeáin chartlainne de.

    Mar thoradh díreach ar na fadhbanna seo, chuir sí tús le tionscadal ina raibh Ollscoil na Gaillimhe, Cartlann Náisiúnta na hÉireann agus An Coiste Téarmaíochta páirteach agus bhí sí ina comhstiúrthóir ar an tionscadal. Ceapadh 200 téarma cartlainne go hoifigiúil i nGaeilge mar thoradh ar an gcomhoibriú. A bhuíochas nach beag don Dr Luciana Duranti, tá na téarmaí seo ar fáil anois ar bhunachar sonraí MAT de chuid an ICA, áit a bhfuil Ní Charra ainmnithe mar chomhordaitheoir na Gaeilge.


Buntáistí an tionscadail:
    Ba mhór an tairbhe a bhain leis an déthionscadal chun cartlann Chonradh na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe a mheas, a bhuanchoimeád agus a chatalógú, rud a d'fhág gur cruthaíodh agus gur ceapadh téarmaí cartlainne i nGaeilge. Ní hamháin gur cás-staidéar maith atá i gcatalógú na cartlainne aitheanta seo - is sárthaispeántas é ar na cúiseanna seo a leanus:
  • Leanúnachas - leis an téarmaíocht nua seo ar fáil, spreagtar leanúnachas i liostú na Gaeilge chun teacht le caighdeáin chartlainne.
  • Cuimsitheach - ciallaíonn sé gur féidir cartlanna Gaeilge a liostú i nGaeilge, rud a fhágann go bhfuil siad cuimsitheach agus go gcinntítear go mbíonn rochtain ag na daoine is mó a mbaineann na cartlanna seo.
  • Meas agus aitheantas - is aitheantas tábhachtach é cartlann chomh suntasach sin a chur ar fáil agus é sin a dhéanamh i nGaeilge, ag baint úsáid as téarmaí oifigiúla sa teanga sin, don teanga dhúchais féin, agus don phobal a labhraíonn í mar chéad teanga.
  • Cruthaítear feasacht - is minic a dhéanann taighdeoirí neamhaird ar bhailiúcháin i dteangacha mionlaithe, in ainneoin go bhfuil siad an-saibhir ó thaobh ábhair de. Is é an toradh atá air ná gur minic a bhíonn na scéalta sna cartlanna seo in easnamh ón scéal iomlán.
  • Glacadh - táthar ag siúl go spreagfaidh an téarmaíocht Axiell agus dreamanna eile glacadh léi agus a gcuid táirgí a chur ar fáil i nGaeilge.
  • Éifeacht iarmhartach - ba chóir go spreagfadh an cás-staidéar seo agus an téarmaíocht nua níos mó institiúidí chun níos mó cartlanna Gaeilge a chatalógú.

An chartlann a dhíchoilíniú - más mian linn comhrá a thosú faoin gcartlann a dhíchoilíniú, caithfimid machnamh a dhéanamh ar theanga na cartlainne.
    
    Nuair a dhéantar breithniú ar choilíneacht na cartlainne i gcomhthéacs teanga, is gnách go mbíonn an plé dírithe ar ábhar na cartlainne, téarmaí áirithe a mbaineann fadhbanna leo á n-úsáid chun cur síos a dhéanamh ar an gcartlann, nó b'fhéidir claonadh na dtuairiscí sin, ach is annamh a bhíonn an teanga féin ina bhfuil an iontráil catalóige curtha san áireamh. Ina theannta sin, tá claonadh san Eoraip smaoineamh ar choilíneachtaí í láthair na huaire agus iarchoilíneachtaí a bheith suite lasmuigh den mhór-roinn féin, agus tá an pobal cartlainne den tuairim chéanna ina leith seo. Mar sin is meabhrúchán séimh é an tionscadal seo go bhfuil roinnt iarchoilíneachtaí i bhfad níos gaire don bhaile, agus go bhfanann codanna eile den mhór-roinn seo ina gcríocha atá faoi chonspóid agus roinnte.




Dúshlán don phobal cartlainne:
    IS é an dúshlán don phobal cartlainne, ní amháin a chinntiú nuair a insítear na scéalta seo, go bhfuil siad caomhnaithe agus inrochtana i gcartlanna, ach freisin a chinntiú go bhuil an rochtain seo chomh cuimsitheach agus is féidir. Bíodh an t-ábhar i nGaeilge nó i dteangacha miolaithe eile (agus tá an téarma "miolaithe" seachas "mionlach" ríthábhachtach anseo), ba chóir do phobal na cartlainne ár ndícheall a dhéanamh a chinntiú nach bhfuilimid mar chuid de na constaicí atá roimh phobail agus iad ag iarraidh teacht ar na scéalta seo. Céim amháin chun an bhearna chultúrtha seo a líonadh is ea níos mó catalógú dátheangach/ilteangach a sholáthar, agus é sin a dhéanamh ar bhealach leanúnach de réir caoghdeáin chartlainne trí théarmaíocht chartlainne a chruthú/a cheapadh.



Naisc:
    Tá tuilleadh eolais faoin gcartlann féin agus faoin tionscadal chun téarmaí cartlainne i nGaeilge a cheapadh le fáil thíos:




Téarmaíocht i bhformáid PDF: Gaeilge-Béarla, Béarla-Gaeilge, Gaeilge amháin.

Bunachar Téarmaíochta Cartlainne Ilteangach de chuid Chomhairle Idirnáisiúnta na gCartlann.






 




No comments:

Post a Comment