Wednesday, September 12, 2018

Cartlann Chonradh na Gaeilge - An Chéad Chéim


Sa bhliain 2017, d’fhógair Conradh na Gaeilge go mbeidís ag tabhairt a gcartlainne ar láimh do OÉ Gaillimh áit a mbeadh sí stóráilte go sábháilte agus a mbeadh sí ar fáil do thaighdeoirí agus do pháirtithe leasmhara i gCartlanna Leabharlann Shéamais Uí Argadáin. Fógraíodh le linn an tsamhraidh go raibh an t-ábhar tugtha ar láimh, agus go raibh cartlannaí fostaithe chun an bailiúchán a phróiseáil. Is mise an té a ceapadh, agus sna 18 mí amach romhainn, chomh maith le mo bhealach a dhéanamh tríd an mbailiúchán, beidh mé ag scríobh sraith blaganna ag roinnt mo thaithí agus ag míniú an phróisis atá i gceist. Tá súil agam go mbainfidh sibh sult as an méid seo. (Fainic bheag, tá an chéad bhlag seo fada, b’fhéidir gur cheart cupán tae a dhéanamh ar dtús!)


Cuirfidh mé mé féin in aithne daoibh mar sin! Niamh Ní Charra is ainm dom, is as Ciarraí ó dhúchas mé, is as Luimneach mo mháthair agus is as Gaillimh m’athair, agus casadh ar a chéile anseo iad nuair a bhí siad ag déanamh staidéir ar an Eolaíocht. (Gan OÉG ní bheinn anseo ar chor ar bith!) Bhain mé céim san Innealtóireacht Leictreonach amach agus d’oibrigh mé i Meiriceá ar feadh scaitheamh beag sular thug mé saol an cheoltóra ghairmiúil orm féin, mar a dhéanfadh duine! Tar éis blianta a chaitheamh ar an mbóthar, d’fhill mé abhaile le tabhairt faoi mháistreacht i mBainistíocht Cartlann agus Taifead. Tagraím den chúlra éagsúil seo mar gheall ar chomh húsáideach agus chomh hábhartha is atá sé don obair amach romham lena n-áirítear taithí ar an Oireachtas, ar an bhFéile Phan-Cheilteach agus ar imeachtaí eile a bhfuil trácht orthu sa bhailiúchán seo. Ar ndóigh tá grá don Ghaeilge riachtanach chomh maith!
  

An chéad charnán boscaí atá ar fud an tseomra próiseála
B’iontach an spéis a cuireadh sa scéal go mbeadh cartlann Chonradh na Gaeilge ag teacht chuig OÉ Gaillimh ach chomh maith leis sin ní fios cé méid rphost a tháinig chugam le ceisteanna ina leith!  De bhrí nach bhfuil tuiscint cheart ar phost an chartlannaí go minic, is éasca glacadh leis nach raibh le déanamh nuair a tháinig an chartlann anseo ach ábhar a thabhairt amach dóibh siúd a d’iarr é. Dá bhrí sin, tabharfaidh mé mioneolas faoin obair ollmhór a bhaineann le cartlann sula mbeidh an chartlann réidh le cur ar fáil do thaighdeoirí, agus tá súil agam go gcuirfidh sé seo moill ar na hiarratais sin go mbeidh mé níos faide ar aghaidh sa phróiseas!




Radharc eile - thart ar 280 bosca ar 8 bpailéad



Tá roinnt céimeanna i gceist chun bailiúchán a phróiseáil sular féidir é a chur ar fáil, seo a leanas na céimeanna sin: fios a bheith agat céard atá agat, é a dhéanamh sábháilte, é a mheas, cinneadh a dhéanamh faoi conas a shocrófar é, catalógú a dhéanamh air, céard ba cheart a chur ar fáil (e.g. an bhfuil sé rólag, an bhfuil ceisteanna cosanta sonraí ag baint leis srl.), é a dhigitiú nuair is féidir agus nuair atá sé oiriúnach agus ansin é a chur ar fáil. Tá sé scanrúil cuimhneamh ar cén áit ba cheart tosú agus na céadta bosca ábhar amach romhat ach tá sé thar a bheith tábhachtach na pointí thuas a choinneáil i gcuimhne agus plean a bheith agat. Tá sé tábhachtach chomh maith eolas a chur ar chúlra an bhailiúcháin, sa chás seo tuiscint a fháil ar an eagraíocht Conradh na Gaeilge agus an stair atá taobh thiar de.






An dara carn boscaí, agus an carn deiridh le feiceáil ar chúl

 BÍODH A FHIOS AGAT CÉARD ATÁ AGAT

Is é croílár na hoibre a bhaineann le bailiúchán a phróiseáil smacht a fháil air, go hintleachtúil agus go fisiciúil. Cé gur 500 bosca a luadh ar dtús, ceapaim féin gur thart ar 650 bosca ar fad atá ann. Caithfear gach aon bhosca a oscailt agus scrúdú a dhéanamh ar an ábhar sula mbeidh a fhios agam céard atá sa bhailiúchán. Is é seo an chéad chéim agus mar gheall ar mhéid an bhailiúcháin tá sé i gceist agam cúpla céim a chur le chéile ag an bpointe seo.
Sampla den mhéid atá i mbosca nuair a bhaintear an clúdach de!
DÉAN SÁBHÁILTE É

Agus mé ag breathnú ar ábhar chuile bhosca, tá mé ag seiceáil ag an am céanna cén riocht ina bhfuil an t-ábhar; mar shampla, an bhfuil caonach air a d’fhéadfadh scaipeadh. Tógtar an t-ábhar amach as na boscaí ina bhfuil sé ansin agus cuirtear é i mboscaí agus i bhfillteán speisialta cartlainne a chabhróidh le caomhnú an ábhair. Cuirtear na boscaí sin i stóráil shlán ansin i seomraí stórais faoi rialú aeráide. Tá an t-ábhar slán anois ó mheath breise, agus ó ghoid. Tá sé cosanta freisin ó ghuaiseacha comhshaoil cosúil le tine agus tuile. Le linn an phróisis seo, déanaim liosta d’ábhar chuile bhosca, déanaim nóta den fhormáid ina bhfuil an t-ábhar (páipéar, grianghraf, CD srl.), agus déanaim nóta d’ábhar speisialta a d’fhéadfaí a dhigitiú. Ní hamháin go dtugann an liosta seo achoimre ar a bhfuil sa bhailiúchán, ach cabhróidh sé chomh maith le heagar a chur ar an mbailiúchán nuair a bheidh an chéad chéim tugtha chun críche.
  
Seilfeanna folmha sa seomra stórais faoi rialú aeráide áit a gcuirfear na boscaí cartlainne nuair a bheidh siad próiseáilte

DÉAN É A MHEAS

Ní gá go gcoinneofar gach rud atá i mbailiúchán – d’fhéadfadh sé nach mbeadh gach rud ábhartha nó uathúil don bhailiúchán sin.  D’fhéadfadh freisin go mbeadh dúbailt ábhair ann agus uaireanta b’fhéidir nach bhféadfaí mír a stóráil go cuí mar gheall ar a formáid, méid nó cúrsaí praiticiúla eile. Ar an gcúis sin ní mór an bailiúchán a mheas. Is feidhm thábhachtach de chuid cartlannaithe é measúnú a dhéanamh ar ábhar agus is é sin an rud a scarann amach iad ó chomhghleacaithe eile i ngairmeacha gaolmhara. Labhróidh mé tuilleadh faoi sin i mblaganna amach anseo, ach faoi láthair, is leor a thuiscint fad is atá mé i mbun na chéad chéime seo, go bhfuilim freisin ag meastóireacht ar atá sa bailiúcháin.
CÉ CHOMH FADA IS ATÁ PÍOSA SREANGÁIN?
Ar cheann de na tascanna is deacra a bhaineann le bailiúchán á phróiseáil tá measúnú cruinn a thabhairt ar an méid ama agus ar na hacmhainní a theastóidh. Glacann na céimeanna thuasluaite go leor ama ach tá sé ríthábhachtach tabhairt fúthu sula bhféadfar an bailiúchán a chur ar fáil do thaighdeoirí agus go dtí go bhfuil siad tugtha chun críche ní féidir a rá go cinnte céard atá sa bhailiúchán, agus dá bhrí sin cé chomh fada agus a thógfaidh na céimeanna ina dhiaidh sin. Tá sé dodhéanta freisin a fháil amach cé chomh fada a thógfaidh an chéim thosaigh, ach táimid den bharúil go dtógfaidh sé 6 - 8 mí.
Agus sin é! Mar a fheiceann tú, tá mo sháith le déanamh agam! Is onóir agus pribhléid dom a bheith ag obair ar an mbailiúchán seo agus táim ag baint taitneamh as teacht ar roinnt seod agus mé ag dul tríd. Cuimseoidh na blaganna eile amach anseo na céimeanna ar fad ar bhealach níos sonraí agus na seoda a dtiocfaidh mé trasna orthu ar an mbealach chomh maith le heolas a thabhairt daoibh ar fad faoin gConradh, an eagraíocht lena mbaineann an bailiúchán seo.
Go dtí an chéad uair eile,
Beir bua,

Niamh


No comments:

Post a Comment