Friday, April 17, 2020

Cartlann Chonradh na Gaeilge - Taispeántas Digiteach Seolta

                                     


An mhí seo caite seoladh miontaispeántas digiteach de Chartlann Chonradh na Gaeilge, ina raibh níos mó ná 40 íomhá ón mbailiúchán ar taispeáint, mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge. Maith mar a tharla, bhí an obair ionann is críochnaithe sular tugadh ordú dianghlasála de bharr COVID-19, agus bhíomar in ann an taispeántas iontach seo a sheoladh go cianda Lá Fhéile Pádraig, lá deiridh an fheachtais bhliantúil. I mblaganna roimhe seo (féach na naisc thíos) rinne mé cur síos ar an obair a bhíonn ar bun sa chúlra sula gcuirtear bailiúchán ar fáil don phobal, ar na cúraimí a chaithfidh cartlannaí a chur i gcrích agus ar na cinntí a chaithfear a ghlacadh. Fógraíodh freisin go gcuirfí ábhar ar fáil don phobal diaidh ar ndiaidh, in ionad fanacht go mbeadh an bailiúchán uile próiseáilte go hiomlán, de bharr ollmhéid an bhailiúcháin iontaigh seo. Mar sin de, dearadh an taispeántas nua seo le feidhm an-tábhachtach eile a chur i gcrích - tugann sé comhthéacs don úsáideoir, rud a bhfuil tábhacht nach beag leis nuair atá rochtain á soláthar de réir a chéile ar an mbonn seo.


Comhthéacs:

Nuair atá ábhar ó bhailiúchán cartlainne á scrúdú, tá sé ríthábhachtach go dtuigeann an t-úsáideoir comhthéacs an ábhair sin. Mar shampla: Cén chaoi a mbaineann an t-ábhar seo leis an mbailiúchán trí chéile? Cén chaoi a mbaineann sé le hábhair eile sa bhailiúchán? Cuidíonn an taispeántas seo leis an úsáideoir teacht ar fhreagraí na gceisteanna sin. Ar an gcéad dul síos, ar an leathanach baile tugtar eolas cúlra faoin eagraíocht féin, faoin tréimhse ama a gclúdaítear sa bhailiúchán, faoin dóigh agus faoin tráth ar bailíodh an t-ábhar seo agus ar tugadh do OÉG é.




Ar an dara leathanach den taispeántas ar líne ("Leagan amach"), tugtar mioneolas ar an dóigh a leagtar an bailiúchán amach, ar an gcúis ar grúpáladh ábhair áirithe le chéile, agus ar an gcúis ar glacadh cinntí áirithe. Nuair atá leagan amach bailiúcháin á shocrú, bíonn an cartlannaí i gcónaí ag smaoineamh ar cé chomh hinaimsithe a bheidh ábhar an bhailiúcháin agus cé chomh furasta agus a bheidh sé ag úsáideoir an bailiúchán a leanúint. (Déantar cur síos ar chuid den phróiseas cinnteoireachta sin anseo).




Ar deireadh ar an leathanach “Na sraitheanna”, tá 45 íomhá le feiceáil, tagraíonn gach íomhá do shraith ar leith, agus tá cur síos ar an tsraith chéanna ceangailte le gach íomhá. Faoi láthair tá 13 shraith ar oscailt don phobal, mar a luadh cheana, agus sna cásanna seo tá naisc chuig catalóg na cartlainne le fáil sa chur síos. Tá an-tairbhe ag baint le bheith in ann cur síos ar gach aon cheann de na 45 sraith a fheiceáil (ní hamháin na cinn atá inrochtana), agus ciallaíonn sé go dtuigeann an t-úsáideoir an comhthéacs lena mbaineann an t-ábhar atá curtha ar fáil, agus eolas aige/aice ar céard le bheith ag súil leis ó ábhair a chuirfear ar fáil amach anseo.





An chaoi leis an Taispeántas Digiteach a leanúint:

Fiú má thugann an t-úsáideoir sracfhéachaint bheag ar an taispeántas seo, ar a laghad, gheobhaidh sé/sí léargas ar obair Chonradh na Gaeilge mar eagraíocht agus ar an ábhar a tugadh do OÉG. Is pléisiúr ann féin é dul trí na 45 íomhá atá ar fáil ar an leathanach “Na sraitheanna”. Le tairbhe cheart a bhaint as an taispeántas seo, áfach, moltar don úsáideoir tuiscint cheart a fháil ar an dóigh chun an chatalóg chartlainne a leanúint. Is trí thástáil agus trí earráid a dhéanamh is fearr a gheofar an t-eolas seo, ach tá iarracht mhór déanta agamsa anseo le cur síos a dhéanamh ar an bpróiseas féin.

Nuair a chliceálann úsáideoir ar cheann ar bith de na 45 íomhá a bhaineann le sraitheanna aonair, tugtar chuig bosca dialóige iad ina bhfuil leagan níos mó den íomhá ar chlé, agus cur síos dátheangach ar an tsraith féin ar dheis.







Faoi bhun an téacs sin tá deilbhín beag den íomhá chéanna le feiceáil, agus nasc taobh leis nó faoina bhun (féach íomhá). Más mór agus más fada an téacs, seans go mbeidh ort scrollú síos leis na deilbhíní seo a aimsiú.




Trí chliceáil ar an deilbhín nó ar an nasc osclaítear leathanach nua mar a dtugtar ní hamháin an cur síos, ach meiteashonraí eile amhail eolas faoin bhfoilsitheoir, teideal na sraithe, aitheantóir uathúil agus, i gcás gur cuireadh an tsraith ar fáil don phobal, nasc chuig catalóg na cartlainne (is féidir teacht air seo sa réimse “relation”). (Arís eile, beidh ort scrollú síos an leathanach le teacht ar an eolas uile seo.)




Tugtar leagan níos mó den íomhá freisin agus is féidir tuilleadh scrúdú a dhéanamh air sin trí zúmáil isteach.





An chaoi le Catalóg na Cartlainne a úsáid:

CALM a thugtar ar an mbunachar cartlainne a mbaintear úsáid as in OÉG agus is anseo atá gach ábhar atá catalógaithe inár gcartlanna le fáil. Nuair a dhéanann úsáideoir cliceáil ar aon cheann de na naisc ar an leathanach “sraitheanna” de chuid thaispeántas digiteach Chonradh na Gaeilge, ní hamháin go dtugtar chuig an mbunachar cartlainne é/í, ach tugtar chuig suíomh ar leith é/í freisin – an iontráil chatalóige don tsraith sin.







Taispeánfar arís an cur síos mar aon le haon eolas nua amhail an raon dátaí, an fhormáid (e.g. páipéar, grianghraif, comhad fuaime) agus an líon (cé mhéad bosca, foshraith, comhad etc.). Mar sin féin, is dócha gurb é an nasc chuig an mbrabhsálaí ordlathais an uirlis is úsáidí atá ar fáil ar an leathanach seo, nasc atá le fáil sa réimse “Ref No”. (San íomhá thíos, tá an cúrsóir ar an nasc seo).




Céard é an Brabhsálaí Ordlathais?

Is é seo ordlathas aon bhailiúcháin agus taispeánann sé sraitheanna, foshraitheanna, comhaid agus ábhar de réir ordlathais ar geall le crann é in ord íslitheach. Sa sampla thuas tá an iontráil chatalóige don 4ú sraith sa bhailiúchán “Craobhacha...” le feiceáil. Trí chliceáil ar an nasc G60/4 sa réimse “Ref No”, tugtar chuig an mbrabhsálaí ordlathais muid, agus ní hamháin go bhfeicfimid mar a bhaineann an tsraith seo le comhthéacs an bhailiúcháin iomláin (tá sé aibhsithe i gcló buí), ach feicfimid freisin na foshraitheanna agus na comhaid atá sa tsraith ar leith seo.




Taispeánann na deilbhíní + agus – ar thaobh clé na sraithe, na foshraithe etc. gur féidir a thuilleadh fairsingithe a dhéanamh [féach na híomhánna].









Is dóigh gurb é an brabhsálaí ordlathais an bealach is fusa leis an mbailiúchán catalógaithe a leanúint. De réir mar a chuirtear tuilleadh tráinsí ar fáil, is amhlaidh a chuirfear na hiontrálacha catalóige a bhaineann leo le bunachar na cartlainne. Cuirfear naisc ón taispeántas digiteach leis seo freisin d’fhonn aird a tharraingt ar na hiontrálacha nua seo.

Mar sin de, ní hamháin gur taispeántas oideachasúil spraíúil é an taispeántas seo as féin, ach is uirlis thábhachtach é freisin le comhthéacs an ábhair agus na sraitheanna i mbailiúchán Chonradh na Gaeilge a thuiscint AGUS mar nasc áisiúil le rochtain a fháil agus cuardach a dhéanamh ar chatalóg chartlainne CALM. De réir mar a dhéantar dul chun cinn ar phróiseáil agus ar chatalógú an bhailiúcháin, is amhlaidh atá an taispeántas seo ina fhráma foirfe tagartha leis na sraitheanna is déanaí a chuardach de réir mar chuirtear ar fáil iad.

Más é go bhfuil an taispeántas á fheiceáil agat den chéad uair, nó más é go bhfuil tú ag seiceáil le fáil amach ar cuireadh sraitheanna ar leith ar fáil, tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as!





Go dtí an chéad uair eile,

Beir bua,

Niamh


English version:




Naisc eile:







No comments:

Post a Comment