A chara,
Go luath
aistreofar Bailiúcháin Speisialta agus Cartlanna Leabharlann Shéamais Uí
Argadáin chuig Foirgneamh nua Taighde na nDán, na nDaonnachtaí agus na
nEolaíochtaí Sóisialta (AHSSRB).
D’fhonn
réiteach dó seo, beidh sé riachtanach Seomra na mBailiúchán Speisialta a dhúnadh
ón 17:00 an 28
Meitheamh 2013 go
dtí an 8 Iúil
2013. Aistreofar
ábhar uile na mBailiúchán Speisialta chomh maith leis na bailiúcháin Chartlainne
chuig áit ar leith san fhoirgneamh nua. Ar chuid de na háiseanna a bheidh ar
fáil san fhoirgneamh nua beidh Seomra Léitheoireachta do suas le 36 duine,
limistéar taispeántais, limistéir rochtana acmhainní digiteacha, ionad
digitithe, agus áiseanna micreascannáin/comhairliúcháin chlosamhairc. Beidh
limistéir stórais den scoth, a bheidh rialaithe de réir timpeallachta, ann do na
bailiúcháin, chun teacht le caighdeán BS 5454.
Tuigimid go
gcuirfidh sé isteach ar roinnt úsáideoirí an seomra seo a bheith dúnta, ach is
gá é a dhéanamh d’fhonn an t-aistriú chuig an bhfoirgneamh nua a éascú.
Gabhaimid leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht a eascraíonn ón obair seo agus
gabhaimid buíochas leat as do thuiscint.
Le haghaidh
breis eolais, déan teagmháil le:
Niall McSweeney
An Ceannasaí um Fhócas ar Chustaiméirí agus Seirbhísí
Taighde,
Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, OÉ
Gaillimh
Teil: + 353 91 493915
Dear
friends,
The new Arts,
Humanities Social Sciences Research Building (AHSSRB) will soon become the home
for the James Hardiman Library Special Collections and
Archives.
To prepare
for this major move, it will be necessary to close the existing Special
Collections Room at 17:00 on June 28th 2013 until 8th July 2013. All Special Collections material and Archive
collections will be moved over to a purpose-built area in the AHSSRB. Some of
the facilities available in the new building will include a Reading Room that
can seat up to 36 people, an exciting exhibition area, digital resource access
areas, a digitisation centre, and microfilm/audio-visual consultation
facilities. There will be state-of-the-art, environmentally controlled, storage
areas for the collections, meeting the BS 5454
standard.
We are aware
that the closure may impact heavily on some users, but the closure is necessary
in order to facilitate the move to the new building. We apologise for any
disruption caused and thank you for your
understanding.
For any
further information, please contact:
Niall McSweeney
Head of Customer Focus and Research
Services,
James Hardiman Library, Nui Galway
Tel: + 353 91 493915
No comments:
Post a Comment