Tuesday, October 21, 2025

Taispeántas - Máirtín Ó Cadhain: Saol agus Saothar

Dr. Chris McCann

Ar an 3 Deireadh Fómhair 2025, seoladh taispeántas dátheangach nua, Máirtín Ó Cadhain: Saol agus Saothar, sa spás taispeántais i bhforhalla Fhoirgneamh Uí Argadáin, Ollscoil na Gaillimhe. Fathach de chuid chultúr na Gaeilge a bhí sa gCadhnach (1906-1970), agus déanann an taispeántas a scéal a insint tríd na snáitheanna a bhaineann le gnéithe éagsúla dá shaol ildánach a fhí le chéile.

Is é an Dr. Chris McCann, Roinn na Gaeilge, a choimeád an taispeántas le tacaíocht ó Thaighde Éireann, Iontaobhas Uí Chadhain, agus bhaill foirne sna Bailiúcháin Speisialta. I measc neart ábhar eile, cuimsíonn sé sealúchais de chuid an Chadhnaigh agus earraí ó Chartlanna Ollscoil na Gaillimhe. Cuireann saothair ealaíne a rinne an t-ealaíontóir agus an file Laoighseach Ní Choistealbha go speisialta go mór le modh scéalaíochta an taispeántais.

Seo rogha de na taispeántáin is suntasaí atá le fáil ann:



An phortráid

Tosaíonn an taispeántas sa gCnocán Glas, baile dúchais an Chadhnaigh, le portráid chumhachtach nua a rinne an t-ealaíontóir Seán Ó Flaithearta. Is le haghaidh an leabhair Dúchan (2025) le Colm Ó Cuaig agus Charles Dillon a rinneadh an phortráid ar dtús. Chun an t-ábhar datha a dhéanamh, d’úsáid an Flaitheartach cré agus créafóg a bhailigh sé timpeall fhothrach an tí inar rugadh agus inar tógadh an Cadhnach. Tá an chré ar na siombailí is bunúsaí a d’úsáid Ó Cadhain chun a theanga agus a chultúr dúchais a léiriú ina shaothar cruthaitheach.



Cóip de chéadchló Cré na Cille

Chuir Ó Cadhain an chóip seo de Cré na Cille chuig a mhuintir sa gCnocán Glas, leis an ordú “le léamh do Mháirtín Beag”, uncail Mháirtín. Bhí mórshaothar an Chadhnaigh go mór i mbéal an phobail nuair a céadfoilsíodh é, mar shraith san Irish Press i rith na bliana 1949 ar dtús agus ansin mar leabhar in 1950. “Tá a fhios agam,” adúirt Ó Cadhain in 1969, “gur thug an gnáthphobal, thiar ar aon nós, agus seo iad mo mhuintir féin, an-taithneamh do Chré na Cille.”



An chros Cheilteach

Rinne Ó Cadhain an chros Cheilteach álainn seo as cipíní le linn dó a bheith imtheorannaithe i gCampa Géibhinn an Churraigh, Co. Chill Dara, idir 1940-44 de bharr ballraíocht a bheith aige san IRA. Comórann an chros bás Shiobháin Ní Rodaigh, deirfiúr Mháirín Bean Uí Chadhain. Seantraidisiún de chuid príosúnaigh Phoblachtacha is ea é crosa Ceilteacha a dhéanamh.



Róbaí acadúla (agus culaith thráthnóna)

Ba scoláire é Máirtín Ó Cadhain a raibh eolas domhain aige ar litríocht agus bhéaloideas na hÉireann agus na hEorpa. Ceapadh é mar léachtóir le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide in 1956, rinne an Tríonóid Comhollamh de in 1967 agus rinneadh Ollamh de in 1969. Tá róbaí a chaitheadh sé le haghaidh gnó acadúil ar taispeáint anseo, mar aon le culaith thráthnóna a chaitheadh sé ar ócáidí foirmiúla.

Tá neart ábhar agus eolais eile in Máirtín Ó Cadhain: Saol agus Saothar trína bhfaighidh idir shaineolaithe agus dhaoine ar bheagán eolais ar an gCadhnach léargas nua ar dhuine d’fhathaigh mhóra na Gaeilge. Tá sé saor in aisce agus oscailte don phobal go dtí an 22 Deireadh Fómhair 2025. Tá sé i gceist ag an Dr. McCann dul ar camchuairt leis an taispeántas, mar aon le leagan digiteach a dhéanamh de sna míonna atá amach romhainn – coinnigh súil amach.

No comments:

Post a Comment