Tuesday, November 27, 2018

Cartlann Chonradh na Gaeilge - An Chartlann a Mheas

Agus muid ag druidim le deireadh mhí na Samhna agus deireadh na bliana, tá roinnt imeachtaí suntasacha ag teacht chun críche chomh maith: tá deireadh ag teacht leis an bhfeachtas bliantúil dar teideal Cuardaigh do Chartlann / Explore YourArchive agus tá Bliain na Gaeilge nach mór caite chomh maith le comóradh 125 bliain Chonradh na Gaeilge. Is am feiliúnach é mar sin le heolas a thabhairt daoibh maidir leis an dul chun cinn atá déanta agam agus mé ag próiseáil chartlann Chonradh na Gaeilge in OÉG. Sa chéad bhlag den tsraith d’inis mé daoibh faoi na céimeanna éagsúla atá ríthábhachtach chun bailiúchán a phróiseáil sular féidir é a chur ar fáil don phobal: bíodh a fhios agat céard atá agat, déan sábháilte é, déan é a mheas, déan cinneadh faoin leagan amach, déan é a chatalógú, déan cinneadh faoi cad ba cheart a bheith ar fáil don phobal, déan é a dhigitiú nuair is féidir agus is cuí agus ansin cuir ar fáil é. Mar gheall ar chomh hollmhór is atá an bailiúchán seo, socraíodh an tionscadal iomlán a roinnt i dtrí chuid.

Céim 1 - Tús na hOibre: Is é seo an próiseas trína ndéantar ábhar gach bosca a thógáil amach, a scrúdú, a liostú agus a chur i mboscaí cartlainne speisialta a stóráiltear ansin i seomraí stórais sábháilte aerchóiriúcháin. Cuimsíonn sé na chéad trí chéim liostaithe thuas: bíodh a fhios agat céard atá agat, déan sábháilte é, déan é a mheas.

Céim 2 – Leagan amach: D’fhonn smacht intleachtúil a fháil ar bhailiúchán, struchtúr a thabhairt dó agus an bhunobair a dhéanamh chun go mbeidh míreanna ar fáil go héasca do thaighdeoirí amach anseo, caithfidh an cartlannaí teacht aníos le leagan amach soiléir loighciúil.

Céim 3 - An Chéim Dheiridh: Is éard atá i gceist leis an gcéim seo den chuid is mó an obair mhór a bhaineann leis an mbailiúchán a chatalogú, bosca ar bhosca, comhad ar chomhad, agus i gcásanna áirithe mír ar mhír. Agus an chéim seo idir lámha, déantar míreanna a mheas le digitiú, agus déantar cinneadh maidir le hinrochtaineacht a ghlacann nithe ar nós GDPR san áireamh. Beidh tuilleadh faoi seo sna blaganna amach anseo!

Dul chun cinn go dtí seo:


Tá áthas orm a rá go bhfuil sa bhreis ar 80% de Chéim 1 tugtha chun críche, laistigh den fhráma ama réamh-mheasta. Próiseáladh 470 den 580 bosca, nó mar sin, agus táthar ag súil go mbeidh na boscaí eile déanta faoi dheireadh mhí Eanáir / go luath i mí Feabhra. Baineadh taifid as boscaí a bhí as a riocht, ag titim as a chéile agus ag cur thar maoil, agus cuireadh go cúramach iad i bhfillteáin laistigh de bhoscaí cartlainne agus cuireadh i gceann a chéile iad go néata ar sheilfeanna ar leith sa seomra stórais. Tagann eagar tar éis mí-eagair!

Sampla de bhosca lán go béal le comhaid

Bosca a bhfuil damáiste déanta dó ina bhfuil comhaid agus lipéid

Boscaí Cartlainne lán agus i gceann a chéile go néata ar sheilfeanna

Cad atá i gceist le Bailiúchán a Mheas?


Cuid ríthábhachtach den chéad chéim seo atá luaite cheana is ea an bailiúchán a mheas. Ní gá go gcoinneofar gach rud sa bhailiúchán - d’fhéadfadh sé nach bhfuil mír ar leith ábhartha ná uathúil don bhailiúchán sin, d’fhéadfadh sé gur cóip atá ann nó i gcásanna ar leith d’fhéadfadh sé nach bhféadfaí é a stóráil go cuí mar gheall ar a fhormáid, a mhéid nó ar chúiseanna praiticiúla eile.

I gcás go bhfuil dúbailt i gceist, ní mór cinneadh a dhéanamh maidir le céard ba cheart a dhéanamh leis na cóipeanna úd. Go hiondúil coinnítear idir 3 agus 6 chóip de mhír i gcartlanna. Má choinnítear níos mó ná sin tagann fadhb spáis chun cinn. Má choinnítear níos lú ná sin cuirtear teorainn ar na roghanna atá agat le cur ar taispeáint, le digitiú nó le tabhairt ar iasacht, ós rud é gur gá an chóip is fearr a choinneáil sábháilte i gcónaí. Nuair a thagann cartlann chuig institiúid déantar comhaontú ar a dtugtar Comhaontú Deontóra idir an deontóir (sa chás seo CnaG) agus an institiúid (OÉG) a chuimsíonn go leor rudaí lena n-áirítear cad atá le déanamh le míreanna nach bhfuil le coinneáil.

Cóipeanna de bhileoigíní

Cé nach gá míniú a thabhairt ar dhúbláil ná ar chúinsí praiticiúla, is gá uathúlacht a mhíniú ar bhealach níos fearr. Ar ndóigh, má tá rud éigin uathúil do do bhailiúchán agus nach bhfuil a leithéid le fáil in aon áit eile, is cinnte gur gá é a choinneáil. Ach uaireanta bíonn tábhacht agus uathúlacht ag baint le míreanna ar chúis eile seachas an chúis a bhí i gceist leo ar dtús. Labhróidh mé faoi mo chartlann phearsanta féin ar feadh nóiméid chun sampla maith a thabhairt díobh de seo. Mar cheoltóir gairmiúil a sheinn ar fud an domhain ar feadh na mblianta, tá míreanna spéisiúla i mo bhailiúchán féin, fillteán lán le málaí urlacain ina measc! Céard le haghaidh a mbeadh a leithéid agam? Bhuel mar gheall go mbínn sáinnithe go minic ar eitleáin ar feadh uaireanta an chloig, agus thiocfadh tiúin i mo chloigeann a bheinn ag iarraidh a bhreacadh síos, d’úsáidfinn an rud ba ghaire de mo lámh! Dá bhrí sin, tá go leor de mo chuid cumadóireachta scríofa ar mhálaí urlacain agus tá siad anois stóráilte i bhfillteán agam. Mar sin, samhlaigh mála urlacain gan dada air (ceann nár úsáideadh ar ndóigh!). Tuigeann gach duine a chuspóir bunaidh. Ach níl sé uathúil. Anois, samhlaigh mála urlacain le branda air. Anois tá an mála seo uathúil d’aerlíne ar leith, agus b’fhéidir do thréimhse ar leith i stair na haerlíne sin más rud é gur athraíodh an bhrandáil ó shin. Anois samhlaigh ceann de mo chuid málaí urlacain. Mar gheall ar an gcumadóireacht atá breactha agam orthu, tá luach tánaisteach ag baint leo anois nach mbaineann leis an gcuspóir tosaigh a bhí acu ach mar sin féin tá siad tábhachtach agus uathúil.  Nuair a bhíonn bailiúchán á mheas ag cartlannaí, is gá dó/di an uathúlacht seo agus an luach tánaisteach a d’fhéadfadh a bheith i gceist a mheas.

Nithe atá aimsithe go dtí seo:


Agus 80% de na boscaí scrúdaithe agam anois is féidir liom a rá go cinnte gur bailiúchán thar a bheith luachmhar é seo agus go bhfuil rudaí nua agus iontacha ag teacht chun cinn ag chuile choirnéal. Ós rud é gur thug Conradh na Gaeilge ábhar ón gcartlann do Leabharlann Náisiúnta na hÉireann sna 1940idí, ceapadh nach mbeadh mórán ábhar sa chartlann seo ón tréimhse roimhe sin ach tá áthas orm a thuairisciú go bhfuil ábhar sa chartlann seo ón uair a bunaíodh an Conradh sna 1890idí go dtí tús na mílaoise seo.

Clár an Oireachtais ó 1897
Cuireadh chuig Oireachtas na Gaeilge 1902

Póstaer “Labhair Gaeilge Liom”



I measc na n-ábhar tá tógáil páistí trí Ghaeilge, Apartheid san Afraic Theas, eagrú Féile, stocaireacht ar son Cearta Sibhialta, obair na dTimirí ar fud na tíre agus mioneolas faoi chúrsaí airgeadais na heagraíochta. Chomh maith le míreanna páipéir cosúil le litreacha, tuarascálacha, cláir, póstaeir, seicleabhair, cuirí agus bileoigíní, tá boinn, bróistí, suaitheantais, trófaithe, pictiúir, balúin, greamáin, uaireadóirí, pinn agus fiú nóta £50 le fráma air. Tá samplaí de phacáistiú dátheangach lena n-áirítear mála Tayto Breatnaise, cartán bainne as Muineachán agus clúdach litreach ó Oifig Phoist i gCeanada. I measc na dteangacha a chuimsítear tá Breatnais, Briotáinis, Manainnis, Gaeilge na hAlban, Fraincis, Gearmáinis, Sualainnis, Fionlainnis, Pléimeannais, Bascais, Gréigis, Beangáilis, Urdúis, Hiondúch, agus Mandairínis. Is bailiúchán thar a bheith spéisiúil é seo agus tá súil agam go mbeidh sibh uilig in ann sásamh a bhaint as go luath...nuair atá mo chuid oibre déanta agam!

Criospaí Breatnacha ó na 1980idí
Pacáiste dátheangach do chriospaí Breatnacha
Rogha de shuaitheantais a bhí sa bhailiúchán

An féachaint chun cinn:


Idir seo agus deireadh an chéad ráithe de 2019 táthar ag súil go mbeidh Céim 2 tugtha chun críche chomh maith le Céim 1. Faoin am sin beidh an t-ábhar ar fad sa bhailiúchán sábháilte agus slán, agus ansin úsáidfear liosta iomlán de na boscaí sa bhailiúchán chun leagan amach a shocrú don bhailiúchán. Labhróidh mé i mblaganna eile faoin dara céim seo agus faoin obair lena mbaineann. Idir an dá linn, tá súil agam gur bhain sibh sult as spléachadh a fháil ar an obair atá ar siúl agam agus as na seoda a bhí mé in ann a roinnt libh. Tá fáilte romhaibh an chéad bhlag anseo thíos a léamh.


Go dtí an chéad uair eile,

Beirigí bua,
Niamh





Blaganna roimhe seo:





No comments:

Post a Comment