Thursday, December 17, 2020

An ceathrú tráinse d’ábhar Chonradh na Gaeilge eisithe.

 

Bliain dheacair agus aisteach ab ea an bhliain 2020 mar gheall ar phaindéaim Covid-19, agus cuireadh isteach go mór ar an ngnáthshaol. Ní haon ionadh é a rá, ar an drochuair, gur cuireadh isteach ar an obair leanúnach phróiseála ar bhailiúchán Chonradh na Gaeilge. Níorbh fhéidir rochtain a fháil ar na cartlanna ar feadh thréimhse 7 mí chun leanúint leis an obair dhúshlánach chatalógaithe.

Fuarthas rochtain arís ó mhí Lúnasa go Deaireadh Fómhair na bliana seo agus tá áthas orm a bheith in ann thuairisciú go bhfuil an chéad tráinse eile d'ábhar eisithe. Cúig sraith atá i gceist leis an tráinse seo: G60/3 Coistí; G60/13 Ard Fheis; G60/15 Seachtain na Gaeilge; G60/19 Nua-Litríocht, Filíocht agus Scríbhneoirí na Gaeilge agus G60/21 Ábhar a bhaineann le Ceol, Amhráin agus Rince.

Baineann sraith na gCoistí le hobair coistí agus fochoistí éagsúla de chuid Chonradh na Gaeilge agus áirítear léi an Coiste Gnó; an Coiste Airgid; Coiste na bPáistí; Coiste na Féile; an Coiste Um Bhailiú Airgid; an Fochoiste Oideachais; an Fochoiste Gaeltachta; an Fochoiste Oiliúna agus na Fochoistí Craolacháin agus Meán, agus is miontuairiscí agus comhfhreagras atá iontu den chuid is mó.



Cuimsíonn sraith na hArd Fheise ábhar a bhaineann le hArd Fheis bhliantúil Chonradh na Gaeilge. Cuimsíonn sraith Sheachtain na Gaeilge ábhar a bhaineann le féile bhliantúil Ghaeilge an Chonartha a reáchtáiltear i mí an Mhárta. Áorítear leis an dá shraith seo miontuairiscí agus comhfhreagras, aithisc thosaigh, cláir agus ábhar poiblíochta.



Áirítear leis an tsraith Nua-Litríocht, Filíocht agus Scríbhneoirí dréachtscripteanna agus aistí, beathaisnéisí agus scéalta báis, míreanna a bhaineann le comórtais agus duaiseanna, cáipéisí a bhaineann le féilte agus seoltaí leabhar agus ábhar a bhaineann le hiriseoireacht na Gaeilge.


Áirítear leis an tsraith dheiridh san eisiúint seo, Ábhar a bhaineann le Ceol, Amhráin agus Rince bileoga ceoil ginearálta, bileoga ceoil an Oireachtais, cláir, grianghraif, póstaeir agus comhfhreagras. Áirítear leis na bileoga ceoil "Go Mairidh Ár nGaedhilg Slán", ar píosa é a cumadh go speisialta don chéad Oireachtas i mBaile Átha Cliath in 1897.


Díreach faoi bhun 70 bosca atá i gceist leis an eisiúint is deireacaí seo, agus fágann sé gur 240 líon na mboscaí atá eisithe chun dáta. Tá rochtain orthu seo agus ar aon ábhar eile, áfach, faoi réir ag na srianta reatha atá i bhfeidhm ag an rialtas, ar féidir léamh fúthu anseo.

Leanfar leis an obair ar an mbailiúchán iontach seo má ligeann srianta an rialtais dúinn déanamh amhlaidh agus tá súil againn nach mbeidh tréimhse ama chomh fada sin i gceist sula bhfógrófar go bhfuil ábhar eile le heisiúint. Tuilleadh eolas anseo ar a bhfuil ar fáil.

Idir an dá linn, fanaigí slán, fanaigí sábháilte agus beirigí bua,

Niamh


English Version:



Naisc eile:








No comments:

Post a Comment